Tuigtear nár chuir aon chomhlacht isteach ar chomórtas tairisceana a d'eagraigh an Stát i rith an tsamhraidh féachaint le comhlacht a cheapadh chun athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh ar struchtúr bhord Údarás na Gaeltachta.

Tuigtear do bhfuil os cionn 20 comhlacht cláraithe ar an chreatlach do sheirbhísí comhairleoireachta gnó agus bainistíochta atá á riar ag an Oifig um Sholáthar Rialtais.

Lorgaíodh tairiscintí ó chomhlachtaí ón 8 Iúil go dtí 4 Lúnasa. Uaschostas measta €144,000 a luaíodh sa chuireadh chun tairisceana.

I ráiteas, dúirt urlabhraí ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go bhféadfadh cúinsí ar leith a bheith bainteach leis an easpa tairiscintí ina measc, go bhfuil obair eile ar bun ag comhlachtaí agus easpa foirne leis na scileanna cuí.

Bhí sé i gceist ag an Roinn go réiteodh an comhlacht rathúil an t-athbhreithniú laistigh de dhá mhí agus go n-úsáidfeadh státseirbhísigh é ar mhaithe le moltaí a dhéanamh i leith an ghealltanais i gclár an Rialtais.

Tá imní léirithe ag an saineolaí gnó Ivan McPhillips nach n-éireoidh leis an phróiseas tairisceana arís mura gcuirtear tuilleadh ama ar fáil leis an athbhreithniú a dheanamh agus tá sé ag moladh go mbunófar Coimisiún Gaeltachta mar a rinneadh sa bhliain 2000.

Tá sé deimhnithe ag an Roinn go bhfuil siad ag obair i dtreo comórtas nua a réachtáil gan rómhoill i bpáirt leis an Oifig um Sholáthar Rialtais.

Is gá don Roinn leasú a dhéanamh ar an gcuireadh chun tairisceana le go bhféadfadh comórtas nua a reáchtáil.

Dúradh sa cháipéis tairisceana a foilsíodh i mí Iúil go rabhthas den tuairim gur cheart sciar den bhord a cheapadh 'trí chóras daonlathach níos oiriúnaí’ agus go gceapfaí an sciar eile le scileanna rialachais ar leith ‘trí Chóras um Cheapacháin Phoiblí.’

Faoi láthair na huaire, déanann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh a cheapadh agus ainmníonn comhairlí contae ina bhfuil Gaeltacht ina ndlínse an cúigear eile.

Déanann Comhairlí Contae na Mí, Chorcaí agus Phort Láirge spás amháin ar an bhord a roinnt eatarthu bunaithe ar shealaíocht dhá bhliain.

Sular ceapadh ina Thaoiseach é, gheall ceannaire Fhianna Fáil, Michéal Martin go dtabharfadh sé ar ais an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta dá ndéanfaí Taoiseach dó.

Sa cháipéis tairisceana, tugadh léargas ar an tslí a eagraíodh toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta roimh Acht na Gaeltachta in 2012.

Dúradh go raibh 17 den 20 comhalta bord tofa; gur dearnadh na toghcháin a eagrú i bpáirt leis an cheann comhairimh i ngach contae Gaeltachta - gurb é/í an ceann comhairimh a bhí freagrach as eagrú na mbothán vótála agus foirne toghcháin.

Dúradh go mba ghá cothromas inscne á áireamh taobh le próiseas ceapacháin nua agus go mba thrathúil an t-athbhreithniú a dhéanamh anois mar go bhfuil tréimhse an bhord reatha ag teacht chun críche in Eanáir 2023.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 tráth a laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an bhord ó scór go dáréag.

Tuigtear go raibh sé i gceist ag an Roinn na hiarratais ón chomórtas tairisceana a scagadh ar critéir meastóireachta 1,000 marc rangaithe de réir; 30% costas, 30% cur chuige, 25% caighdeán, taithí agus acmhainní foirne agus 15% bainistiú conartha.

Tugadh le fios sa cháipéis tairisceana chomh maith go bhfuil timpeall 90 duine fostaithe ag Údarás na Gaeltachta agus iad ag feidhmiú ar bhuiséad €31.784,000 – le €2,225,000 d’airgead caipitil a iompaíodh chun tosaigh ó 2020.

Beidh tuilleadh faoin scéal ar 7LÁ beo anocht ar TG4 ag 8i.n.