Tá deireadh curtha leis an gcuardach a bhí ar bun i gCill Dara ón 11 Deireadh Fómhair. Ceantar coille a bhí á chuardach le coicís anuas féachaint le teacht ar thaisí ban áirithe atá ar iarraidh le breis is fiche bliain.

Deir na Gardaí nach bhfuil aon fhianaise faighte acu.

Mná iad seo nach bhfuil tásc ná tuairisc orthu óna 1990-idí.

Tá ar a laghad seisear díobh i gceist i réigiún Chúige Laighean.

An tUisce Beag, ceantar tuaithe in oirdheisceart Chill Dara, teorainneach le Cill Mhantáin a bhí á chuardach.

Dúirt na gardaí go raibh eolas suntasach tagtha chun cinn a bhuíochas dá gceistiúcháin ar dhaoine áirithe agus athbhreithniú ar an bhfianaise a bhí acu.

Trí bliana ó shin rinneadh fiosrúchán dúnmharaithe de chás Deirdre Jacob agus dá réir, ta cód curtha faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí.

Rinneadh amhlaidh le cás Jo Jo Dullard níos túisce i mbliana.

Tá sise ar iarraidh ó Shamhain na bliana 1995.

21 bliain d'aois a bhí sí agus chonacthas í go deiridh i Maoin, gar go leor don áit a raibh an cuardach ar siúl.

Bhí amhras ar na Gardaí i gcónaí go raibh baint ag an éigneoir ciontaithe Larry Murphy le cásanna na mban seo, ach ní raibh an fhianaise acu chun cúiseanna a chur ina leith.