Tá ardú ag teacht arís ar fud na hEorpa ar líon na gcásanna Covid 19 agus ar líon na mbásanna a bhaineann leis an ngalar freisin.

Is iad an Rúis, an Rómáin agus an Úcráin na tíortha ina bhfuil na rátaí báis is airde faoi láthair, de réir taighde atá foilsithe ag AFP.

1,672,000 cás nua atá deimhnithe san Eoraip le seachtain anuas, nó 239,000 cás nua ar an meán gach lá.

Is ionann sin agus ardú 18% ar líon na gcásanna nua an tseachtain roimhe sin, a deir AFP. Baineann a dtaighde le foinsí i 52 tír nó réigiún san Eoraip.

Tá líon na gcásanna nua 60% níos airde an tseachtain seo i gcomparáid le mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, áfach; 150,000 cás nua a bhí á bhfógairt ar an meán gach lá an tráth sin.

San Eoraip trí chéile, tháinig ardú ar líon na gcásanna nua i 42 tír agus ní raibh laghdú orthu ach i seacht dtír.

Is iad an Laitvia, an Eastóin agus an tSeoirsia na tíortha ina bhfuil an líon is airde cásanna in aghaidh an duine.

Tá 55% de chásanna nua Covid 19 san Eoraip faoi láthair.

Ar an meán, fuair 3,120 duine bás leis an ngalar san Eoraip le seachtain anuas, ardú 16% ar líon na mbásanna an tseachtain roimhe sin.