Tá ordú sínithe ag Uachtarán Mheirceá, Joe Biden, maidir le haerthaisteal chun na Stát Aontaithe. Ón 8 Samhain, ní thabharfar cead do dhaoine ó thíortha eile eitilt isteach chun na tíre mura bhfuil siad iomlán vacsaínithe. Ar an dáta céanna, beidh deireadh leis na srianta diana atá i bhfeidhm faoi láthair le taisteal ón tSín, ón India agus ón Eoraip.

Cuireadh srianta taistil i bhfeidhm ar dtús ag tús na paindéime, i mí an Mhárta 2020. Bhí cosc ar eachtrannaigh eitilt isteach sna Stáit Aontaithe sa gcás go rabhadar tar éis a bheith sa Bhreatain, san Eoraip, sa tSín, san India, san Afraic Theas, san Iaráin nó sa mBraisíl le linn na coicíse roimh ré.

Thug an tUachtarán Biden le fios inniu go raibh na Stáit Aontaithe ag iarraidh deireadh a chur le srianta ar thíortha ar leith, agus córas nua a chur i bhfeidhm a bheas bunaithe ar stádas vacsaínithe.

Beidh díolúine ag leanaí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois.

Beidh díolúine freisin ag paisinéirí ó thíortha ina bhfuil níos lú ná 10% den daonra vacsaínithe, ach beidh ar na daoine sin vacsaín a fháil go luath i ndiaidh dóibh teacht go Meirceá.

I measc na dtíortha sin, beidh an Nigéir, an Éigipt, an Ailgéir, an Airméin, Maenmar, an Iaráic, Nicearagua, an tSeineagáil agus go leor tíortha eile atá i mbéal forbartha.