Tá ardú tar éis teacht arís ar líon na ndaoine in ospidéil na tíre le Covid 19.

Ag 8am inniu, bhí 513 in ospidéil leis an ngalar, ardú 16 ar líon na n-othar iontu inné.

Tá 99 duine acu siúd sna haonaid dianchúraim.

Ní raibh os cionn 500 othar in ospidéil le Covid 19 ó bhí tús mhí an Mhárta ann.

Inné, deimhníodh 1,845 cás nua Covid 19.