Tá máthair Éireannaigh atá ar iarraidh in Wyoming sna Stáit Aontaithe ag lorg cúnaimh an phobail chun é a aimsiú.

Chuaigh Cian McLaughlin, 27, ar iarraidh agus é ag siúl sna sléibhte sa stát sin ar 8 Meitheamh. Tá deireadh leis an gcuardach mór a bhí ar siúl ansin ach tá teaghlach Cian fós ag siúl na mbealaí siúladóireachta agus iad ag súil le freagraí a fháil.

Labhair Gráinne McLaughlin le RTÉ inniu agus í i mbun cuardaigh lena deartháir agus a páirtnéir i bPáirc Náisiúnta Grand Teton.

Dúirt sí go dtuigeann sí nach bhfuil siad ann le teacht i dtarrtháil ar a mac, ach lena chorp a thabhairt abhaile.

"Táim cinnte go bhfuil sé amuigh ansin áit éigin", a dúirt sí.

"Bhain muid Wyoming amach ar 17 Meitheamh. Dhá lá ina dhiaidh sin, dúradh linn nach raibh na seirbhísí tarrthála ag súil go raibh Cian fós ina bheatha. Lig mé don bhrón an ceann is fearr a fháil orm ansin. Ach anois, táim dírithe ar mo mhac a thabhairt abhaile."

Tá feachtas seolta ar na meáin shóisialta ag teaghlach Cian ag an haischlib FindCian.