Tá oifigigh de chuid an rialtais agus páirtithe leasmhara ag bualadh lena chéile inniu chun an dlaoi mhullaigh a chur ar na treoirlínte a bheas i bhfeidhm in earnáil na gclubanna oíche agus na n-ionad déanach sna míonna amach romhainn.

I measc na n-ábhar a ndéanfar plé orthu, beidh córas na dticéad faoi chaibidil inniu.

Deir Cumann na dTábhairneoirí nach dtuigeann siad go fóill céard atá le déanamh acu chun feidhmiú.

Thug Príomhfheidhmeannach Chumann na dTábhairneoirí, Donall O'Keeffe, le fios nach bhfuil sé inghlactha ar chor ar bith go bhfuil clubanna oíche ar oscailt arís le ceithre lá anuas faoin tráth seo, gan soiléiriú a bheith déanta ar na treoirlínte.

Beidh na treoirlínte ag teastáil inniu, a dúirt sé, má tá an rialtas ag súil go mbeidh siad curtha i bhfeidhm faoin deireadh seachtaine seo.

"Ba chóir tréimhse chairde coicíse a thabhairt do chlubanna oíche agus d'ionaid eile chun deis dóibh an córas nua a chur i bhfeidhm", a dúirt Donall O'Keeffe ar maidin.

Thug sé le fios gur tháinig an fógra maidir le córas na dticéad aniar aduaidh orthu oíche Dé hAoine.

Tuigtear gur faoi na treoirlínte nua don earnáil atá faoi chaibidil ar maidin, go gcaithfear ticéidí a cheannach uair a chloig roimh ré, ar a laghad, chun dul isteach i gclubanna oíche.

Eiseofar na ticéidí go leictreonach agus beidh cosc ar shluaite ag bailiú lena chéile ag na doirse. Ní bheidh cead ag daoine nach bhfuil ticéidí ceannaithe acu seasamh sa scuaine, fiú.

Beidh gá le ticéad sna hionaid a bhfuil daoine ag damhsa iontu. Roimhe seo, bhíothas ag súil go mbeadh ticéidí ag teastáil sna hionaid ina mbeadh ceol beo á sheinnt.