Tá na gardaí i gCo.na Gaillimhe ag fiosrú eachtra inar leagadh fear ag siúl an bhóthair i gceantar Chonamara aréir.

B'amhlaidh a leag carr é ar Bhóthar an R336 lámh le Séipéal na bhForbacha, thart ar 7 míle siar ó chathair na Gaillimhe.

Níor fhan an té a bhí ag tiomáint an chairr ag an láthair.

Fear sna daicheadaí a leagadh,agus tá cóir leighis á cur air in Ospidéal Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Deirtear go bhfuil sé gortaithe go dona.

Rinneadh scrúdú dlí-eolaíoch ar an láthair inniu.

Tharla an eachtra thart ar 8.30 i.n

Iarrtar ar dhaoine le haon eolas teagmháil a dhéanamh leis na gardaí i mBóthar na Trá ag
091 514 720, nó glaoch ar 1800 666 111.