Reachtáil Coláiste Lurgan agus Lóistín Lurgan Léirsiú tostach ''Púcaí na Samhna'' in Indreabhán i gConamara inniu lena míshástacht a chur in iúl faoin seasamh atá glacthaí ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers - faoi thodhchaí an Choláiste.

Maíonn Coláiste Lurgan go bhfuil easnaimh, laigeachtaí agus eagcothromaíocht i seasamh an Aire i leith athfhorbairt Lurgan. Bhí an tAire Stáit Chambers ar cuairt ar Chonamara inniu. Púcaí na Samha teideal na hagóide seo a reachtáileadh ar thaobh an bhóthair os comhair Choláiste Lurgan in Indreabhán i gConamara inniu.

Bhailigh lucht bainistíochta agus tacaíochta an Choláiste le chéile chun a míshástacht maidir le seasamh Aire Stáit na Gaeltachta i dtaca le hathfhorbairt an Choláiste a chur in iúl agus an tAire Chambers ar cuairt ar Chonamara inniu.

Tá plean uaillmhianach ag Coláiste Lurgan chun athfhorbairt a dhéanamh ar an suíomh ach tá éirithe idir an iad agus Roinn na Gaeltachta faoi cé a bheadh freagrach as bainistiú an ionaid. Tá an Roinn ag iarraidh ar úinéir Choláiste Lurgan talamh de chuid an choláiste - a dhíol leis an Roinn chun ligint do phlean na Roinne i dtaca le hathfhorbairt - dul ar aghaidh.

Tá go dtí tús mhí na Samhna tugtha ag an Roinn do Choláiste Lurgan - talamh a dhíol leo nó gan é a dhíol nó raghfar ar aghaidh le Plean B. Deir Micheál Ó Foighil ná fuil an talamh ar díol ach go bhfuil an talamh le tabhairt.

Deir bainistíocht Lurgan go bhfuilid ag iarraidh eadranaí neamhspleách a aontú leis an Roinn chun gur féidir leo suí síos i mbun cainteanna ar bhonn práinne chun an t-easaontas a réiteach.

Tráthnóna le linn do a bheith i gConamara Sheol an tAire Stáit Chambers plean teanga Cheantar na nOileán ag ócáid i Leitir Móir.