D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 2,466 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

457 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin naoiniúr níos mó ná inné. Tá 90 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.