In eachtra lamhaigh, le linn scannánaíocht ar láthair i New mexico, scaoil an t-Aisteoir Alec Baldwin gunna frapa agus maraíodh cineamatagrafaí an scannáin, Halyna hutchins, 42 agus a ghortaigh stiúrthóir an scannáin Joel Souza, 48.

Tharla an eachtra lámhaigh ar láthair scannáin "Rust", iartharán ar a bhfuil Baldwin ina phríomh-chairictéir suite sa Stát in iardheisceart na Stáit Aontaithe.

Halyna Hutchins, 42 a maraíodh in eachtra lámhaigh ar láthair scannánaíochta

Tógadh an bheirt chuig ospidéal New Mexico áit ar fógraíodh Hutchins marbh agus mar a bhfuil Souza fós ag fáil cóir leighis.

Dúirt úrlabhraí thar cheann na bpóilíní nach bhfuil aon chúis curtha i leith Baldwin agus nach bhfuil aon duine gafa maidir leis an eachtra. Dúirt sé freisin gur cuireadh Baldwin, 63 faoi agallamh maidir leis an eachtra.

Tuigtear gur chaith Halyna Hutchins roinnt seachtainní ag obair in Éireann an bhliain seo caite agus phostáil sí físeáin agus griangrafanna óna seal ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath fad agus a bhí sí ag obair i gCaisleán Bhiorra.