Tá an t-iriseoir agus an scríbhneoir Tony Birtill tar éis bháis.

Rugadh agus tógadh Tony Birtill i Walton i Learpholl agus ba shaineolaí é ar stair na nÉireannach a bhí ar deoraíocht sa chathair sin.

Bhain sé cáil amach dá leabhar A Hidden History - The Irish Language in Liverpool / An Ghaeilge i Learpholl.

Ba mhinic é ag trácht ar na cúrsaí sin, ar chúrsaí na nGael trí chéile i Sasana agus ábhair eile ar Nuacht RTÉ agus ar Raidió na Gaeltachta i gcaitheamh na mblianta.

Scríobh Tony Birtill ailt freisin don Irish Post, don Liverpool Echo chomh maith le Foinse, Lá, BEO.ie agus Tuairisc.ie.

Chaith sé blianta fada chomh maith ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille mar threoraí siúil sléibhe.