I Sasana, tugadh fear 25 bliain d'aois os comhair cúirte i Londain agus é cúisithe i ndúnmharú an fheisire parlaiminte David Amess Dé hAoine seo caite.

Sádh agus maraíodh David Amess ón bPáirtí Caomhach ina thoghcheantar i mbaile Southend-on-Sea.

I gcúirt i Westminster tráthnóna, cúisíodh Ali Harbi Ali, as Londain, i ndúnmharú an fheisire parlaiminte agus i ngníomhartha sceimhliteoireachta a ullmhú.

Níor labhair sé le linn na héisteachta ach amháin nuair a dheimhnigh sé a ainm, a aois agus a sheoladh baile.

Dúirt abhcóide ionchúisimh sa chúirt go gcreidtear gur dúnmharú sceimhlitheoireachta a bhí ann agus go raibh baint aige le creideamh agus idé-eolaíocht.

Is de bhunadh na Somáile Ali Harbi Ali. Is den uasaicme a mhuintir agus bhíodh a athair ina chomhairleoir ag príomh-aire na tíre sin.

Cuireadh siar faoi choinneáil Ali Harbi Ali agus tá sé le tabhairt os comhair chúirt an Old Bailey amárach.