D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 2,029 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

448 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin sé dhuine dhéag níos lú ná inné. Tá 88 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.

Dúradh chomh maith gur 1,906 cás is ea an meánlíon laethúil le cúig lá.

Níos túisce inniu, mhaígh an Taoiseach Micheál Martin murach an vacsaín go mbeadh beartais dianghlasála tugtha isteach ag an Rialtas arís faoin tráth seo mar gheall ar an ardú atá tagtha ar an líon cásanna den ghalar le gairid.

Dearbhaíodh tráthnóna chomh maith go bhfuil ceathrar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,051 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,639 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 264,448 duine ó thús na paindéime.

357 othar le Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh, le hais 355 inné. Tá 35 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.