Tháinig ardú an tseachtain seo caite ar an líon ráigeanna Covid-19 in ionaid oibre, i scoileanna agus in áiteanna eile, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte.

199 ráig a tuairiscíodh i gcaitheamh na seachtaine suas go dtí Dé Sathairn seo caite, i gcomórtas le 174 an tseachtain roimhe sin.

Is é is ráig ann dhá chás Covid-19, nó níos mó, a bhfuil baint acu le chéile.

In ionaid oibre a bhí 34 ráig, ar taifeadadh 120 cás den ghalar dá mbarr. 19 ráig a bhí in ionaid oibre an tseachtain roimhe sin.

Bhí cúig ráig déag i scoileanna, ar taifeadadh 80 cás Covid-19 dá mbarr. Trí ráig a bhí i scoileanna an tseachtain roimhe sin.

Bhí trí ráig déag in ospidéil ghéarchúraim, ar taifeadadh 80 cás Covid-19 a raibh baint acu le chéile dá mbarr.

Bhí aon ráig déag in ionaid altranais, ar taifeadadh 180 cás Covid-19 dá mbarr.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí chomh maith, tá 448 othar Covid-19 in ospidéil na tíre, sin sé dhuine dhéag níos lú ná inné.

Tá 88 díobh in aonaid dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

Dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go bhfuitear ag glacadh leis go mbeidh an líon othar Covid-19 in aonaid dianchúraim ag ardú go ceann tamaill eile fós.