Bhí seirbhís eaglasta ar siúl in Ard Mhacha ar maidin le críochdheighilt na hÉireann agus bunú stát an Tuaiscirt a chomóradh.

Tugadh cuireadh do thart ar 130 duine páirt a ghlacadh sa searmanas in Ardeaglais Phádraig Eaglais na hÉireann.

Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney agus an Príomh-Aoire Jack Chambers i láthair thar ceann Rialtas na hÉireann.

Bhi Príomh-Aire na Breataine i láthair freisin, chomh maith le Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis, an Chéad-Aire Paul Givan ón DUP agus polaiteoirí eile Stormont.

Ní raibh an LeasChéad-Aire Michelle O'Neill ó Shinn Féin ann.

Simon Coveney (ar dheis) agus Jack Chambers

Tarraingíodh conspóid an mhí seo caite nuair a tháinig sé chun solais gur dhiúltaigh an tUachtarán Michael D Higgins do chuireadh teacht chun an tsearmanais.

Thug sé le fios go raibh sé míshásta le teideal na hócáide, mar atá, críochdheighilt na hÉireann agus bunú stát an Tuaiscirt a chomóradh.

Mhaígh sé nár "ráiteas neodrach ó thaobh na polaitíochta de" an teideal sin.

Dúirt an tUacharán go mbeadh sé míchuí aige freastal ar an ócáid dá bharr sin.

Bhí Banríon Eilís na Breataine le bheith ann chomh maith ach fógraíodh inné gur chomhairligh lucht leighis di gan taisteal.

Ag an searmanas ar maidin, dúirt Príomháidh Caitliceach na hÉireann, an tArdeaspag Éamon Martin, gur le teann bróin a bhreathnaíonn sé siar ar an gcéad bliain atá caite ó 1921 ar an ábhar, a dúirt sé, gur chothaigh an chríochdheighilt deighilt idir dhaoine.

An tArdeaspag Éamon Martin agus Boris Johnson

Dúirt an Modhnóir Preispitéireach an Dr David Bruce gur mothúcháin éagsúla a thagann air nuair a bhreathnaíonn sé féin siar.

Dúirt Príomháidh Eaglais na hÉireann John McDowell go rabhamar dúghafa ag ceisteanna cosúil leis an teorainn san am a caitheadh agus go bhfuilimd dúghafa acu arís faoi láthair.

Mar sin féin, a dúirt sé, creideann sé go mbreathnóidh an chéad ghlúin eile ar na cúrsaí seo mar cheisteanna tánaisteacha agus go mbeidh tosaíochtaí eile dá gcuid féin acu.