Foilseofar níos deireanaí inniu treoirlínte nua sláinte agus sábháilteachta don earnáil fáilteachtais, go háirithe clubanna oíche, ionaid cheoil bheo, tithe tábhairne agus bialanna.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin ag cruinniú Fhianna Fáil aréir, gur treoirlínte praiticiúla a bheas iontu agus go mbeifear ag súil go mbeidh daoine siosmaideach ina leith.

Tuigtear go mbeidh cead - de réir na dtreoirlínte - níos mó ná bord amháin a chur in áirithe i dtithe tábhairne agus i mbialanna ó amárach.

Dealraíonn sé gur seirbhís ag an mbord amháin a bheas ceadaithe i dtithe tábhairne go fóill.

Beidh cead ag daoine dul chuig an gcuntar le deoch a ordú ach scaradh sóisialta a bheith i bhfeidhm. Ní bheidh cead cruinniú ag an gcuntar, áfach.

Níl na tábhairneoirí sásta, ámh, nach mbeidh cead seirbhís chuntair a chur ar fáil. Is cuid thábhachtach de ghnó an óstóra seirbhís chuntair, a dúirt a n-urlabhraí.

Os a choinne sin, tá fáilte curtha acu roimh an treoir na rialacha a bhaineann le teastais vacsaínithe a chur i bhfeidhm níos fearr i dtithe tábhairne.

Tá neamhchinnteacht ag baint i gcónaí leis na treoirlínte d'ionaid cheoil bheo, áfach. Is cosúil go bhfuil ceisteanna achrannacha fós idir chamáin ach táthar ag súil go mbeidh siad réitithe faoi thráthnóna.