Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur taifeadadh 2,148 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Dheimhnigh an Roinn freisin gur bhásaigh 63 duine le Covid-19 ón gCéadaoin seo caite.

Fágann sin - de réir na bhfigiúirí oifigiúla - gur 5,369 duine le Covid-19 a bhásaigh sa Stát ó thús na paindéime.

Dúradh chomh maith gur 1,937 cás is ea an meánlíon laethúil le cúig lá.

464 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin naonúr níos lú ná inné. Tá 86 acu in aonaid dianchúraim, sin dáréag níos mó ná inné.

Fógraíodh níos túisce tráthnóna go bhfuil seisear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,423 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,635 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 262,397 duine ó thús na paindéime.

355 othar le Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh, le hais 366 inné. Tá 33 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.