Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 2,399 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné. Seo an líon laethúil is mó ó mhí Eanáir.

Tugadh le fios chomh maith gur 1,890 cás is ea an meánlíon laethúil le cúig lá.

473 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin aon duine dhéag níos lú ná inné. Tá 74 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos mó ná inné.

Fógraíodh tráthnóna fosta go bhfuil ochtar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,367 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,629 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 260,974 duine ó thús na paindéime.

366 othar le Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh, le hais 347 inné. Tá 31 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos lú ná inné.