Tá bunscoil i gCo Chill Mhantáin dúnta mar gheall ar líon mór cásanna Covid-19 ann.

Dhearbhaigh an bhainistíocht i Scoil Náisiúnta Chillín Chaoimhín in iarthar an chontae gur thacaigh oifigigh sláinte poilbí lena gcinneadh an scoil a dhúnadh.

135 dalta atá scoil. Níl aon ní eile ráite ag lucht na scoile faoin scéal.

Inné, fógraíodh go raibh bunscoil i Loch Garman dúnta mar gheall ar Covid-19. Rinne bainistíocht na scoile sin an cinneadh as a stuaim féin gan dul i gcomhairle le hoifigigh sláinte poilbí.

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Oideachais, áfach, nár chóir scoil a dhúnadh gan comhairle a iarraidh ar shaineolaithe i dtosach.

D'iarr Cumann Múinteoirí Éireann inné beartais tástala agus rianaithe a chur i bhfeidhm arís i scoileanna i bhfianaise na ráige sa scoil i Loch Garman.