San Ard-Chúirt, ceadaíodh íocaíocht eatramhach €8 milliún do chailín naoi mbliana d'aois mar chuid de shocrú cúitimh as an ngortú tromchúiseach a bhain di agus í á tabhairt ar an saol in Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh.

Bhí Caitlín Twomey agus a máthair, Michelle, sa chúirt inniu nuair a ceadaíodh an socrú.

Dúradh sa chúirt nár tugadh faoi deara nó nár tuigeadh mar ba cheart go raibh Caitlín i nguais agus í ag teacht ar an saol i mí na Nollag 2011.

Ba cheart do lucht leighis gan hormón a thabhairt don mháthair ag an am, é sin nó an méid a bhí á thabhairt di a laghdú, a dúradh.

Bhain drochghortú inchinne don leabh agus tá sí go mór faoi mhíchumas dá bharr.

Níor ghlac an t-ospidéal le dliteanas sa chás ar feadh cúig bliana go leith ach an mhí seo caite, a dúradh, ghabh an t-ospidéal leithscéal gan aon agús leis an teaghlach.

Dúirt abhcóide an teaghlaigh, an Dr John O'Mahony, go bhfuil riar riachtanais Chaitlín ar feadh deich mbliana san íocaíocht a ceadaíodh di inniu ach go mbeadh uirthi dul i muinín na cúirte arís agus tuilleadh a lorg nuair a bheas sí naoi mbliana déag.

Ar deireadh, a dúirt sé, is luach €55 milliún a bheas de dhíth uirthi. Tuigtear nár ceadaíodh an méid sin riamh i gcás den sórt seo.

Cháin an t-abhcóide an reachtaíocht a bhaineann le híocaíochtaí eatramhacha mar, dar leis, nach meastar iad de réir na gcostas a bhíonn ar dhaoine cosúil le Caitlín.

Mhol an Breitheamh Paul Coffey máthair Chaitlin as a crógacht agus as an aire a thugann sí dá híníon.