Tá iarshaighdiúir in Arm na Breataine, a bhí ar a thriail faoi iarracht a dhéanamh fear a dhúnmharú i gCo Thír Eoghain beagnach leathchéad bliain ó shin, tar éis bháis.

Bhí tús curtha i gcúirt i mBéal Feirste coicís ó shin le triail Dennis Hutchings, Sasanach 80 bliain d'aois.

Buaileadh go dona tinn é le linn na trialach, áfach, agus bhásaigh sé san ospidéal i mBéal Feirste inné.

Bhí Dennis Hutchings in easláinte sular tháinig sé go Béal Feirste agus dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson nár chóir é a bheith curtha ar a thriail ar chor ar bith dá bharr sin agus de bharr nach raibh aon fhianaise nua ann.

Maraíodh John Pat Cunningham, Caitliceach 27 bliain d'aois, nuair a lámhachadh é sa droim agus é ag teitheadh ó shaighdiúirí Breataineacha sa Bhinn Bhorb sa bhliain 1974.

Dúradh faoi go raibh míchumas intleachtúil ag gabháil dó.

Ghabh Rialtas na Breataine leithscéal faoina bhás sa bhliain 2013.

Bhí Dennis Hutchings ag pléadáil neamhchiontach in iarracht ar dhúnmharú.