D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,578 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

484 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin 25 níos mó ná inné. Tá 73 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos lú ná inné.

Dearbhaíodh tráthnóna chomh maith go bhfuil triúr eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,901 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,621 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 259,607 duine ó thús na paindéime.

Tá 347 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, duine níos lú ná Dé hAoine seo caite. Tá 34 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos lú ná an Aoine.