Tá 482 duine le Covid-19 in ospidéil, ar ghualainn 406 arú inné.

Go deimhin, dhearbhaigh ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go bhfuil ardú 44% tagtha ar an líon daoine le Covid-19 in ospidéil le coicís.

Seachtain ó shin, 400 othar Covid-19 a bhí in ospidéil agus seachtain roimhe sin arís 333 othar a bhí faoi chúram ospidéil.

74 den 482 othar Covid atá in aonaid dianchúraim faoi láthair.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, níl fágtha sa chóras sláinte poiblí ach aon leaba dhianchúraim déag do dhaoine fásta agus aon leaba amháin do leanaí.

D'éigh Paul Reid arís ar dhaoine an vacsaín a fháil agus cloí le beartais sláinte agus sláinteachais.

Thug an saineolaí galar tógálach an tOllamh Sam McConkey le fios go bhfuil sé meallta go mór san fhaisneis is deireanaí, go háirithe maidir le hospidéil.

Mar gheall go gcaithfear tús áite a thabhairt d'othair Covid, a dúirt sé, tá faillí á déanamh i ngnáthsheirbhísí ospidéal.

Níor chóir breathnú ar an Aoine seo chugainn, tráth a cheaptar a mhaolófar tuilleadh srianta, níor chóir breathnú air mar "lá fuascailte" tar éis nár mhór dúinn cloí le bun-nósanna sláinteachais, a dúirt an tOllamh McConkey.

Dar leis chomh maith gur cheart do dhaoine leanacht orthu ag obair ón mbaile, más féidir dóibh.