Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile tráthnóna le teacht thar an bhfaisnéis is deireanaí maidir le Covid-19 sa tír agus rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a mhaolú ón Aoine seo chugainn.

Bhí sé i gceist deireadh a chur go hiomlán le go leor de na srianta ach ceaptar anois go gcoinneofar go fóill na rialacha a bhaineann le teastais vacsaínithe don earnáil fáilteachais.

Mar sin féin, táthar den bharúil nach gcuirfidh seo as go rómhór don dream a bheas ag eagrú ócáidí faoi dhíon agus faoin aer feasta.

Tá ceist ann, áfach, faoi chead a thabhairt do chlubanna oíche oscailt arís ón Aoine.

Tá an Rialtas le pé comhairle a chuirfeas an Fhoireann Éigeandála orthu a phlé ag cruinniú amárach, tráth a dhéanfar cinneadh deiridh.

Tiocfaidh an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imhdhíonadh le chéile inniu chomh maith.

Teanndáileoga den vacsaín Covid-19 a chur ar fáil gan spás do dhaoine os cionn 60 bliain agus d'oibrithe sláinte ceann de na ceisteanna atá le caibidil acu.