Inniu Lá Feasachta Idirnáisiúnta ar Neamhord Forbartha Teanga. Cuireann an neamhord seo isteach ar fhorás acadúil an duine óig agus áirítear é a bheith ar 7% de leanaí an domhain.

Cé gur mór an méid sin, níl Neamhord Forbartha Teanga i mbéal an phobail.

Go deimhin, níor tugadh aitheantas idirnáisiúnta dó go dtí a bhliain 2017.

Ó shin, ar an dea-uair, ceiliúrtar lá feasachta domhanda ar son na leanaí an tráth seo den bhliain gach uile bhliain.

Tá Neamhord Forbartha Teanga ar Robert Mockler atá trí bliana déag d'aois agus a bhfuil cónaí air i dTeach Sagard in iardheisceart Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach sa chéad bhliain sa mheánscoil i mbliana.

"Is neamhord é a bhíonn ar dhuine a shaol ar fad," a dúirt a mháthair Brenda linn inniu.

"Ní bhaineann sé le heaspa cumais intleachtúil. Tá sé an-choitianta ar fad, chomh coitianta sin go bhfanann sé faoi cheilt go minic. Dá mbeadh tríocha páiste i rang scoile, bheadh an neamhord ar bheirt acu."

Dúirt Robert é féin linn go mbíonn deacrachtaí aige focail a phróiseáil ina aigne agus go gcruthaíonn sé seo fadhbanna dó, cuir i gcás, sa mhata.

"Tá go leor focal ag baint le mata nuair a théann tú isteach sa mheánscoil", a dúirt sé. "Mar shampla, 'má tá traein ag dul ag luas X cé mhéad ama a ghlacfaidh sé le dul Y ciliméadar?'"

Lán béil de bhriathra an méid sin d'aon duine, gan trácht ar an té a bhfuil Neamhord Forbartha Teanga ag gabháil dó.

Dúirt Brenda nach bhfuair Robert faill le linn na paindéime le leas a bhaint as seirbhísí fíorthábhachtacha agus go raibh a chuid torthaí scrúdaithe níos measa nuair a chríochaigh sé sa bhunscoil ná mar a bhí siad riamh roimhe sin.

Chuir sin lagmhisneach orthu, a dúirt sí, i ndiaidh dóibh an obair chrua a chur isteach mar theaghlach i gcaitheamh na mblianta.