I Sasana, sádh agus maraíodh feisire parlaiminte ón bPáirtí Caomhach ina thoghcheantar i mbaile Southend-on-Sea.

Bhí an feisire parlaiminte David Amess ag glacadh páirte i gcruinniú toghcheantair i séipéal Meitidisteach i gceantar Leigh-on-Sea nuair a hionsaíodh é.

Ghabh na póilíní fear 25 bliain d'aois ar an láthair agus tá sé á cheistiú acu ar amhras go ndearna sé dúnmharú.

69 bliain a bhí David Amess agus bhí sé ina fheisire i Westminster ó 1983.

Tá an marú cáinte ag polaiteoirí ó gach aon pháirtí agus tá a gcomhbhrón curtha in iúl acu do theaghlach David Amess a raibh cúigear clainne aige.

Maraíodh feisirí parlaiminte i gcúinsí den sórt céanna cheana.

Lámhachadh agus sádh an feisire Jo Cox ó Pháirtí an Lucht Oibre ina hoifig toghcheantair in 2016.

Antoisceach ón eite dheis a mharaigh í.