Adhlacadh i gCo Chill Mhantáin inniu duine de mhórphearsana cheol traidisiúnta na hÉireann - Paddy Moloney - a cailleadh Dé Máirt seo caite in aois a thrí bliana agus ceithre scór.

Bhí an tUachtaran Michael D Higgins agus aos ceoil Éireann i measc na sochraideach ag an Aifreann éagnairce i Séipéal Chaoimhín i nGleann Dá Loch.

Dúirt príomhcheiliúraí an Aifrinn, an tAthair Éamonn Crossan, cé gur dursan lena theaghlach dul in éag an Mhaoldomhnaigh gur buan a mhairfeas a chuid ceoil.

Tugadh píb uilleann agus feadóg chun na haltóra mar chuimneacháin ar an bhfear a raibh glaoch agus glaoch ar ais i mbaile agus i gcéin ar shiansaí a lúthmhéaraíochta.

An tUachtaran Michael D Higgins ag Séipéal Chaoimhín

Bhí grianghraf de Phaddy Moloney agus é ina aosánach ar an altóir freisin le meabhrú do dhaoine gur luath ina shaol a chrom sé ar an gceol agus a thosaigh sé ag treabhadh ghort an phíobaire.

Dúirt a mhac Aonghus ón léachtán cé gurbh é an ceol bun agus barr shaol a athar gur fear tí agus urláir é chomh maith a bhí dílis dá bhean, dá chlann agus do chlann a chlainne.

B'fhear é freisin arbh fhearr leis é féin a chur in iúl trína chuid ceoil seachas trí bhriathra béil, a dúirt Aonghus.

Bhí sárcheird ag Paddy Moloney ar an bpíb uilleann agus ar an bhfeadóg, agus bhain sé cáil idirnáisiúnta amach mar bhall de na Chieftains, buíon cheoil a thug sé le chéile beagnach trí scór bliain ó shin.

An chónra á hiompar chun na huaighe

Liosta le háireamh is ea na gradaim a bronnadh i gcaitheamh na mblianta ar an bhfoireann sin faoi stiúir an taoisigh Paddy Moloney.

Cuireadh Paddy Moloney i gcré na cille i gcathaoir naofa Chaoimhín i nGleann Dá Loch.

Maireann a bhean chéile Rita, a mbeirt mhac Aonghus agus Pádraig, agus a n-iníon Aedín.