Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris go gcaithfidh an Rialtas breathnú anois ar an dá thrá a fhreastal maidir le srianta Covid-19.

Sin le rá roinnt srianta a choinneáil go fóill ach roinnt eile a mhaolú ón Aoine seo chugainn mar atá bearthaithe.

É sin, a dúirt sé, nó gan a bhfuil ann de shrianta agus de bheartais sláinte faoi láthair a mhaolú ar chor ar bith.

Ag trácht a bhí an tAire ar an imní atá curtha in iúl faoin ardú atá tagtha le deireanas ar an líon cásanna Covid-19.

Ainneoin an choir seo sa scéal, a dúirt an tAnraíoch, ní mór cúrsaí a mheá mar is ceart. Tar éis an tsaoil, a dúirt sé, tá 90% de dhaoine sa tír seo vacsaínithe.

Meastar, ámh, go bhfuil 300,000 duine fásta sa Stát nach bhfuil an vacsaín faighte acu fós agus go bhfuil 70,000 duine fásta eile ann nach bhfuil ach dáileog amháin den vacsaín faighte acu.

D'achainigh Simon Harris ar an 70,000 duine sin go háirithe an dara dáileog a fháil gan a thuilleadh moille.

Thug sé le fios chomh maith go bhféadfaí an tríú dáileog - teanndáileog - a chur ar fáil go forleathan an geimhreadh seo.

Dhearbhaigh sé go rachaidh an Rialtas i gcomhairle leis na saineolaithe sula ndéanfar aon chinneadh faoi na ceisteanna gabhlánacha seo.