I gcúirt i Sasana, gearradh príosún saoil ar fhear gan dídean a phléadáil ciontach i bhfear as Éirinn a dhúnmharú i Londain beagnach 40 bliain.

Bhí Anthony Kemp 21 bliain d'aois nuair a d'ionsaigh sé Christopher Ainscough - as Baile Átha Cliath ó dhúchas - le luaithreadán trom marmair.

Tharla an t-ionsaí i dteach Christopher Ainscough i gceantar Kilburn in iarthuaisceart Londan i mí na Nollag 1983.

Dúradh sa chúirt go raibh sé tar éis iarraidh ar Anthony Kemp teacht ar ais chuig an teach.

Fear aerach ab ea Christopher Ainscough agus bhí fainic curtha air roimhe sin gan strainséirí a thabhairt ar ais chuig an teach.

Chuir na póilíní deireadh lena bhfiosrúchán dúnmharaithe i 1985 de bharr nach raibh aon dul chun cinn déanta acu.

Cuireadh tús an athuair leis i mí Iúil anuraidh nuair a chuaigh Anthony Kemp chuig stáisiún póilíní i Londain, mar ar admhaigh gurb eisean a mharaigh Christopher Ainscough.

Dúirt sé gurbh fhearr leis go dtabharfaí aire dó i bpríosún ná an chuid eile dá shaol a chaitheamh gan dídean ar shráideanna Londan.