Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur taifeadadh 1,627 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

415 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin seachtar níos mó ná inné. Tá 70 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos mó ná inné.

Níos túisce tráthnóna, mhaígh an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil an líon cásanna Covid-19 an-ard i dtólamh de los an tír seo a bheith chomh gar don Bhreatain, mar a bhfuil an ráta den ghalar thar a bheith ard, mar a dúirt sé.

Thug sé le tuiscint go bhfuil an galar ag leathadh anseo i gcónaí mar go mbíonn go leor daoine ag teacht agus ag imeacht idir dá thír.

Thug an Donnghaileach le fios freisin gur tháinig an t-athraitheach Deilte chun na tíre seo sula raibh an clár vacsaínithe faoi lán seoil agus go bhfuil a shliocht sin fós le feiceáil ar na figiúirí.

Léiríonn an fhaisnéis idirnáisiúnta go bhfuil an t-athraitheach Deilte ionann agus dochloíte.

Fógraíodh tráthnóna chomh maith go bhfuil seisear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,304 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,606 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 254,983 duine ó thús na paindéime.

Tá 345 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, ar ghualainn 347 inné. Tá 38 acu in aonaid dianchúraim, sin cúigear níos mó ná inné.