Tá fear 37 bliain d'aois á cheistiú ag póilíní san Iorua faoi chúigear a mharú le bogha agus saigheada i mbaile Kongsberg i ndeisceart na tíre inné.

De bhunadh na Danmhairge an fear a bhí tiontaithe ina Mhoslamach.

Tuairiscítear go raibh na póilíní ag coimhéad air le tamall ó ba léir go raibh sé tugtha don antoisceachas creidimh.

Caitheadh saigheada le daoine in áiteanna éagsúla ar an mbaile tráthnóna inné. Chomh maith leis an gcúigear a maraíodh, gortaíodh beirt.

Thart ar leathuair an chloig a mhair an feallionsaí agus an fear ar a theitheadh ó na póilíní. Bhí póilin ar dhuine den bheirt a gortaíodh.

Is cosúil, ag an tráth seo, nach raibh raibh aon duine eile páirteach san ionsaí.