Is ceart srianta Covid-19 a mhaolú ón 22 Deireadh Fómhair mar atá beartaithe ach - mar sin féin - beartais áirithe sláinte agus sláinteachais a choinneáil go fóill, dar le himdhíoneolaí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Thug an tOllamh Christine Loscher le fios nach údar iontais an t-ardú atá tagtha ar líon na gcásanna den ghalar le deireanas agus daoine ag teacht le chéile níos minice.

Cé ea, a dúirt an tOllamh Loscher, is ceart go fóill iarraidh ar dhaoine a dteastas vacsaínithe a thaispeáint sula dtabharfar cead dóibh páirt a ghlacadh in imeachtaí taobh istigh.

Ní mór cloí freisin leis na rialacha bhaineann le lámha a dhíghalrú agus maisc a chaitheamh, a dúirt sí.

Dúirt sí go bhfuil sé an-deacair an t-athraitheach Deilte ar an gcoróinvíreas a choinneáil faoi smacht de réir mar a thagann athrú ar an aimsir agus a thosaíonn níos mó daoine ag fanacht istigh.

Arae mar a cruthaíodh sa Nua-Shéalainn, arsa an tOllamh Loscher, ní féidir fáil réidh go hiomlán leis an athraitheach Deilte.

Thug sí le fios chomh maith gur údar imní an líon mór daoine sa tír seo nach bhfuil vacsaínithe go fóill.

Inné, dhearbhaigh an LeasPhríomh-Oifigeach Leighis, an Dr Rónán Glynn, go bhfuil 300,000 duine fásta sa Stát nach bhfuair an vacsaín go fóill agus go bhfuil 70,000 duine fásta eile ann nach bhfuair ach dáileog amháin den vacsaín.

Tráthnóna inné, fógraíodh gur taifeadadh 2,066 cás nua Covid-19 sa Stát ón lá roimhe sin. Tá 408 duine le Covid-19 in ospidéil, 69 acu in aonaid dianchúraim.