Tá sé fós i gceist deireadh a chur le srianta Covid-19 ar an 22 Deireadh Fómhair mura dtiocfaidh "fianaise an-láidir" chun cinn idir seo agus sin a chuirfeadh fiacha ar an Rialtas dul siar ar an gcinneadh sin, a dúirt an tAire Simon Coveney.
Ag trácht a bhí Simon Coveney ar an ardú atá tagtha le seachtain ar an líon torthaí deimhneacha ar thástálacha Covid-19 i measc an phobail.
Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an Coibheanach le fios go n-éistfeadh an Rialtas le comhairle na saineolaithe sula ndéanfaidís cinneadh deireanach.
Dhearbhaigh sé chomh maith go bhfuil an Príomh-Oifigeach Leighis an Dr Tony Holohan, baill shinsearacha eile den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí agus státseirbhísigh ag iniúchadh na faisnéise is deireanaí maidir le Covid-19 sna hospidéil, go háirithe sna haonaid dianchúraim, agus i measc an phobail.
Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios go bhfuil sé ag fanacht amach ó dhaoine eile faoi láthair mar go bhfuil roinnt siomptóm Covid-19 air.
Toradh diúltach a bhí ar thástáil Covid-19 a rinneadh air, a dúirt sé.