Tá an Roinn Oideachais le thart ar €31 milliún a íoc le daoine a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu i mbunscoileanna.

Baineann €21 milliún den mhéid sin le rialú a rinne an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine seacht mbliana ó shin.

Rialaigh an chúirt go raibh chomhfhreagracht ar an Stáit as an mí-úsáid ghnéis a d'fhulaing bean as Corcaigh, Louise O'Keeffe, ar scoil sa bhliain 1973.

Ar feadh na mblianta, áfach, bhain an Stát brí faoi leith as an rialú sin a chuir bac ar dhaoine eile cosúil le Louise O'Keeffe iarratas a dhéanamh ar chúiteamh.

Dhá bhliain ó shin, rialaigh breitheamh sa tír seo gur míbhrí a bhain an Stát as an rialú agus gur feall ar dhaoine a bhí i dteideal cúitimh a bhí ann.

Ceaptar go bhfuil thart ar 350 duine i dteideal cúiteamh a fháil ón Stát.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais inniu gur leagadh amach €21 milliún den chúiteamh iomlán €31 milliún i mBuiséad 2022 a fógraíodh inné.