Tá bás fir de bhunadh na hÉireann sa tSeoirsia á fhiosrú ag póilíní sa tír sin.

Fuarthas corp Thomas Kennedy, 28 bliain d'aois, ar bhruach abhann i réigiún Gori Dé hAoine seo caite.

Béal an Átha, Co Mhaigh Eo, an áit dheireanach in Éirinn a raibh cónaí ar Thomas Kennedy sula ndeachaigh sé chun na Seoirsia.

I Manchain i Sasana a rugadh é agus i dteach a sheanmhuintire in Éirinn a hoileadh é.

Bhí sé gairthe as a chuid ceoil agus chaith sé seal ina oirfideach sráide nuair a bhí sé ar an gcoláiste i gCorcaigh.

Deir na póilíní sa tSeoirsia go raibh Thomas Kennedy ag ól i gcuibhreann daoine eile i dteach ósta nuair a d'éirigh eatarthu.

Dar leis na póilíní gur bascadh an tÉireannach agus gur caitheadh san abhainn é nuair a bhí sé gan mheabhair gan mhothú.

Gabhadh cúigear agus tá ceathar acu cúisithe i ndúnmharú réamhbheartaithe. Tá an cúigiú duine cúisithe faoi eolas ar an eachtra a choinneáil faoi cheilt.

Tá Iontaobhas Aisdúichithe Kevin Bell ag cuidiú le teaghlach Thomas Kennedy a chorp a thabhairt ar ais go Maigh Eo.