Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar siúl faoi bhás mná a dódh go dona de bharr tine i ngluaisteán i gCo Dhoire.

Tharla an dóiteán taobh amuigh de theach i gCnoc Clochdhroma go moch ar maidin inné.

Cuireadh fios ar na póilíní agus tugadh an bhean chun an ospidéil, mar ar cailleadh í go gairid ina dhiaidh sin.

Os cionn an leathchéid a bhí an bhean.

Deir na póilíni go bhfuil fear 59 bliain gafa acu.

Deir siad gur tugadh an fear chun an ospidéil chomh maith.