Tá an tAontas Eorpach le moltaí a dhéanfadh "leasuithe suntasacha" ar fheidhmiú Phrótacal an Tuaiscirt a fhoilsiú níos deireanaí inniu.

Dá nglacfaí leis na moltaí, a deir taidheoirí an Aontais, laghdófaí go mór an líon rialúchán a bhaineann le hearraí a iompar idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.

Is iad na hearraí atá i gceist go príomha cógais leighis agus táirgí agraibhia.

Mhaolófaí freisin foirmiúlacht na seiceála a dhéantar ar earraí agus thabharfaí cumhachtaí breise maoirseachta d'fhorais sa Tuaisceart féin.

Is é Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Maroš Šefčovič a chuir na moltaí i dtoll a chéile.

Is freagra iad na moltaí ar iarratas ón mBreatain na rialúcháin sa Phrótacal a bhaineann le trádáil a leasú agus ról na Cúirte Breithiúnais Eorpaí sa scéal a chur ar ceal.

Inné, mhaígh príomh-mhargálaí na Breataine sna gnóthaí seo David Frost go raibh an tAontas Eorpach ag féachaint le harmáil a bhaint as an Tuaisceart d'fhonn toradh an reifrinn ar imeacht na Breataine as an Aontas a chur ar neamhní.

Mhaígh Dominic Cummings, a bhí ina chomhairleoir ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson, mhaígh sé nach raibh rún riamh ag Rialtas na Breataine cloí leis an margadh a rinneadh leis an Aontas Eorpach.

Más fíor, a dúirt an Tánaiste Leo Varadkar inniu, ba cheart do thíortha eile atá i mbun cainteanna trádála leis an mBreatain faoi láthair a bheith airdeallach.