Dúirt an tIar-Aire Rialtais, Joe McHugh gur cuma leis cén bealach a n-aimseofar an t-airgead le híoc as bille iomlán cúitimh do dhaoine a bhfuil míoca ina gcuid tithe.

Dúirt an Teachta Dála gur cuireadh airgead ar fáil nuair a tháinig an phaindéim Covid-19 agus gur éigeandáil eile atá i bhfadhb seo an míoca.

Maidir leis an bhfarasbarr €3.8bn a dúirt an rialtas an deireadh seachtaine seo atá ar fáil dóibh, dúirt Joe McHugh nach bhfuil a fhios aige an bhfuil an rialtas le leas a bhaint as seo le híoc as scéim cúitimh míoca.

I gceann cúpla seachtain eile a deir páirtithe an rialtais a dhéanfar fógra faoin chinéal scéim cúitimh a chuirfidh siad ar fáil do úinéirí tithe leis na blocanna lochtacha míoca.

Agóid na seachtaine seo caite i mBaile Átha Cliath ag lorg an chúitimh 100%

Tá na Teachtaí Dála comhrialtais óna contaetha uilig ag coinneáil súil ghéar ar an chinneadh.

Deir an Grúpa Gnímh Míoca go leanfaidh an stocaireacht pholaitiúil faoin cheist seo agus go gcoinneofar súil ar iompar na dteachtaí de chuid an rialtais ach fosta ar ghealltanais Shinn Féin atá ag tacú leo faoi láthair

Mar sin de, i dtoghcheantair ina mbeadh rún ag Sinn Féin iarrthóir breise a chur chun tosaigh an mbeadh imní ar Fhine Gael agus Fianna fáil faoin tionchar olltoghcháin a bheadh ag cibé cinneadh a dhéanfas an rialtas faoin chúiteamh?

Bhí an freagra seo ag Joe McHugh.

"Le bheith ionraic, níl mé ag smaoineamh ar an chéad toghchán eile. Tá mé ag smaoineadh ar an scéim faoi láthair. Bhí mé ag smaoineadh ar an scéim a raibh mise páirteach inti nár oibrigh amach. Tá mé ag smaoineamh ar an réiteach, ar an líne sa ghaineamh i gceann coicíse. Tá mé dóchasach go n-oibreoidh sé amach do na húinéirí atá i gceist".

Dúirt an Teachta McHugh inniu chomh maith go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh fiosrúchán neamhspléach ann faoin chúis ar húsáideadh táirgí lochtacha i dtógáil tithe ar fud an stáit.