Tá ceantar coille i gCo.Chill Dara á chuardach inniu féachaint le teacht ar thaisí ban áirithe atá ar iarraidh le breis is fiche bliain.

Mná iad seo nach bhfuil tásc ná tuairisc orthu óna 1990-idí.

Tá ar a laghad seisear díobh i gceist i réigiún Chúige Laighean.

Deirdre Jacob atá ar iarraidh ó Iúil 1998

Duine díobh is ea Deirdre Jacob, ón Droichead Nua i gCo.Chill Dara, a chonacthas go deiridh gar dá teach cónaithe ar an 28 Iúil 1998.

18 bliain d'aois a bhí sí ag an am.

An cuardach ar bun i gCo.Chill Dara

An Uisce Beag, ceantar tuaithe in oirdheisceart Chill Dara, teorainneach le Cill Mhantáin atá á chuardach.

Deir na gardaí go bhfuil eolas suntasach tagtha chun cinn a bhuíochas dá gceistiúcháin ar dhaoine áirithe agus athbhreithniú ar an bhfianaise atá acu.

3 bliana ó shin rinneadh fiosrúchán dúnmharaithe de chás Deirdre Jacob agus dá réir, ta cód curtha faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí.

Jo Jo Dullard atá ar iarraidh le beagnach 26 bliain

Rinneadh amhlaidh le cás Jo Jo Dullard níos túisce i mbliana.

Tá sise ar iarraidh ó Shamhain na bliana 1995.

21 bliain d'aois a bhí sí agus chonacthas í go deiridh i Maoin, gar go leor don áit a bhfuil an cuardach seo inniu.

Dúírt an Cigire John Fitzgerald, atá i gceannas ar an bhfiosrúchán, nach bhfuil aon cheangal á dhéanamh go fóill idir cás Jo Jo Dullard agus cás Deirdre Jacob.

Tuigtear go leanfaidh an cuardach i gCo.Chill Dara roinnt seachtainí.