Bhí na céadta bailithe le chéile inniu taobh amuigh de The Cobblestone i Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath. I mbun agóide a bhí siad i gcoinne iarratais atá déanta ar chead pleanála chun óstán a thógáil in aice leis an teach tábhairne cáiliúil.

Is le Muintir Mulligan The Cobblestone. Ach is leosan an ceadúnas amháin, ní an foirgneamh. Anois, tá iarratas déanta ag comhlacht darb ainm dó Marron Estates Limited chun óstán naoi n-úrlár a thógáil, ina mbeidh 114 seomra.

Níl sé i gceist acu bunstruchtúr The Cobblestone a leagadh. Is foirgneamh cosanta atá ann agus ní bheadh cead acu a leithéid a dhéanamh. Ach tá Marron Estates Limited ag iarraidh an spás breise ar fad atá curtha ag Muintir Mulligan leis an mbeár thar na blianta a leagadh.

"Leagfaí suas le 70% den spás breise atá curtha leis an áit mar shíneadh; an beár ar chúl an tí, mar shampla, agus an áit a gcaitheann daoine toitíní", a deir Méabh Mulligan, iníon le huinéir an tí tábhairne, Tom Mulligan.

Tá 25,000 duine i ndiaidh a n-ainm a shíniú ar achainí cheana féin i gcoinne an iarratais.

"Tá áit fíor-speisialta ag The Cobblestone i gcultúr na cathrach seo agus bheadh muid níos boichte dá uireasa", a deir Eoghan Ó Ceannabháin, duine de lucht eagraithe na hagóide inniu. "Tá óstáin á dtógáil ar fud na cathrach agus níl croí ná anam acu. Tá go dtí 4 Samhain ag an bpobal aighneacht a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath mura bhfuil siad sásta leis na pleananna."

Deir stiúrthóir Marron Estates, Colin Marron, go bhfuil sé i gceist acu go leanfaidh The Cobblestone ar aghaidh; go dtuigeann siad an luach cultúrtha atá ag baint leis. "Tá sé i gceist againn an síneadh a leagfaidh muid a thógáil arís, agus beidh sé níos fearr, fiú, ná mar atá sé anois."

Ach níl Tomás Mulligan, mac leis an úinéir, sásta leis na pleananna atógála. "Tá carachtar ag baint leis an áit seo", a deir sé. "Má thagann lucht óstáin isteach chun atógáil a dhéanamh air, scriosfar an carachtar sin. Is fíor-áit é seo. Cén fáth go scriosfaí fíor-áit chun rud saorga a thógáil ina háit?"

Tá clú agus cáil ar The Cobblestone ó osclaíodh é sa mbliain 1988 mar ionad ceoil thraidisiúnta. Bíonn ranganna ceoil, damhsa agus Gaeilge ar siúl ansin freisin.