Tá Iar-Stát Rúnaí an Tuaiscirt James Brokenshire tar éis bháis.
53 bliain d'aois a bhí sé, agus é ag fulaingt le hailse scamhóige le tamall.
D'éirgh James Brokenshire as a chuid cúramaí mar Rúnaí Baile i Rialtas na Breataine i mí Iúil ar chiúinsí sláinte.
Ceapadh James Brokenshire mar Stát Rúnaí don Tuaisceart in Iúil 2016, agus d'éirigh sé as in Eanáir 2018 nuair a tháinig a thinneas marfach chun cinn.
Chaith sé tamall freisin mar Rúnaí Tithíochta.