Tuairiscítear go bhfuil Gerry Hutch á eiseachadadh go hÉirinn tráthnóna as an Spáinn maidir le dúnmharú a tharla in Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2016.
Ceaptar gur ag Aeradróm Mhic Easmainn in iarthar Cho Bhaile Átha Cliath a thiocfas sé ar eitleán le hÓglaigh na hÉireann.
Tabharfar os comhair na Cúirte Cóiriúla Speisialta é anocht.
Ag an éisteacht eiseachadta sa Spáinn, mhaígh Gerry Hutch nach mbeadh sé sábháilte aige filleadh ar Éirinn mar go bhfuil buíonta coirpeach abhus ag féachaint lena mharú.