Dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,499 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

300 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, ar ghualainn 310 inné. Tá 63 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos lú na inné.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil ceathrar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,078 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,552 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 235,817 duine ó thús na paindéime.

Tá 362 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, le hais 345 inné. Tá 27 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos lú ná inné.