Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, dúradh go raibh neamhord meabhrach ag gabháil do bhean 53 bliain d'aois nuair a sháigh agus a mharaigh sí fear ina teach cónaithe i mBaile Átha Cliath beagnach trí bliana ó shin.

Tá Grace Miano, as Plásóga na dTúdarach, Carraig an tSionnaigh, ag pléadáil neamhchiontach ar bhonn gealtachta i ndúnmharú Limbani 'Robert' Mzoma, 27 bliain d'aois, as an Maláiv.

Dúirt Grace Miano leis na Gardaí go raibh sé ar intinn aici Limbani Mzoma a chur ar meisce agus gur ionsaigh sí é le priocaire ar an 1 Samhain 2018.

Dúradh sa chúirt nach mbeidh aon easontas idir na habhcóidí sa triail faoi fhianaise ó shíciatraithe a deir go raibh neamhord scitseamothachtálach ag gabháil don chúisí nuair a mharaigh sí an fear.

Dúradh nach raibh a fhios ag Grace Miano céard a bhí sí a dhéanamh agus nach raibh sí in ann guaim a choinneáil uirthi féin.

Meastar go mairfidh an triail dhá nó trí lá.