Tá an Rialtas le tearmann a thabhairt do thart ar 500 duine eile ón Afganastáin, daoine a bhfuil gaolta leo ina gcónaí in Éirinn cheana féin.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Heather Humphreys go mbaineann an scéim nua le daoine atá i mbaol san Afganastáin faoi láthair agus le daoine a theith ón tír sin agus atá ag cur fúthu i dtíortha comharsanachta.

Tá tearmann tugtha sa tír seo do 670 duine ón Afganastáin go dtí seo i mbliana.

Mhaígh an tAire Humphreys go bhfuil an-bhá ag an Rialtas le muintir na hAfganastáine ó tháinig an Talaban i réim ansin arís an mhí seo caite.

Thug sí le fios freisin go mbeidh cead ag tuilleadh Afgánach fós teacht go hÉirinn as seo go ceann roinnt míonna faoi scéimeanna atá i bhfeidhm cheana féin.

Beidh cead ag na teifigh seo ar fad fanacht in Éirinn ar feadh suas le dhá bhliain agus féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar stádas cónaithe buan ina dhiaidh sin.

Dúirt an tAire Roderic O'Gorman nach gcuirfear na teifigh in ionaid soláthair dhírigh nuair a thagann siad go hÉirinn.