Ag cruinniú tráthnóna inné, chinn airí i bhfeidhmeannas Stormont deireadh a chur le srianta Covid-19 i siopaí, in amhrarclanna agus i roinnt ionad eile taobh istigh sa Tuaisceart.

Ní bheidh ar dhaoine sna háiteanna sin fanacht méadar óna chéile ó thráthnóna Déardaoin seo chugainn.

Ar an 7 Deireadh Fómhair, a dúradh, breathnófar ar shrianta Covid-19 atá i bhfeidhm i gcónaí san earnáil fáilteachtais ó thuaidh.

Tá gach duine fásta os cionn ocht mbliana déag sa Tuaisceart le dearbhán siopadóireachta £100 a fháil lena chaitheamh i siopaí agus i ngnóthais áitiúla ón Luan seo chugainn.

Ní bheidh sé éigeanachtach teastas vacsaínithe ná toradh diúltach ar thástáil Covid-19 a thaispeáint sna háiteanna seo ná go deimhin in ionaid ealaíon taobh istigh.

Ina dhiaidh sin, comhairlítear córais aonbhealaigh agus neart aerála a bheith iontu.

Tá an SDLP thar a bheith míshásta, áfach, nach n-iarrfar ar dhaoine in ionaid ealaíon - cosúil le ceolárais - nach n-iarrfar orthu a chruthú go bhfuil an vacsaín faighte acu.

Mhol Sinn Féin agus an DUP nach mbeadh a leithéid éigeantach.