Tá sé róluath le rá céard atá i ndán do mhonarcha déiríochta Glenisk i gCo Uíbh Fhailí a scriosadh de bharr dóiteáin ar maidin inné, a dúirt stiúrthóir bainistíochta an chomhlachta Vincent Cleary.

Dúirt sé nach bhfuil a fhios go fóill cén chaoi ar thosaigh an tine ach dheimhnigh sé gur dódh an mhonarcha go lár.

Ina dhiaidh sin féin, gheall Vincent Cleary go ndéanfadh sé féin agus an fhoireann a seacht ndícheall táirgí a chur ar fáil arís.

Tá leathchéad duine ag obair sa mhonarcha i gCill Aichidh in aice le Tulach Mhór, cuid acu ar feadh níos mó ná fiche bliain.

Chomh maith leis sin, soláthraíonn leathchéad feirmeoir bainne orgánach don mhonarcha.

Go deimhin, is chuig monarcha Glenisk a sheoltar 90% de bhainne orgánach na tíre agus tá sciar 19% den mhargadh náisiúnta iógart ag an gcomhlacht.

Thug Vincent Cleary le fios go bhfuil sé féin agus a chuid bainisteoirí le labhairt le déantúsóirí meaisíní inniu féachaint le tús a chur arís leis an obair sa mhonarcha chomh luath agus is féidir.

Ghabh sé buíochas le comhlachtaí eile, a bhfuil Glenisk in iomaíocht leo, faoina gcuid áiseanna táirgthe féin a thairiscint dóibh idir dhá linn.