Tuairiscítear monarcha deántúsaíochta le Glenisk i gContae Uíbh Fhailí a bheith scriosta ag tine.

Deirtear áfach nár gortaíodh aon duine sa tuaiplis seo a tharla lasmuigh den Tullach Mhór.

Tugadh an tine faoi deara go gairid roimh a 11 a' chlog ar maidin inniu.

Aslonnaíodh an fhoireann oibre ar fad as an áit, suas le 50 duine ar fad.

Tá bóthar an L2001 in aice láimhe dúnta ó shin, agus tá na seirbhísí éigeandála agus innil dóiteáin ag freastal ar an láthair.

'Gach ábhar scriosta ag an dóiteán' a deirtear

Dúirt Stiúrthóir Glenisk, Gerard Cleary, gur scriosadh gach ní agus nár tháinig aon ábhar slán.

Dúírt sé freisin nach bhfuil a fhios go fóill céard a thosaigh an tine seo ach go bhfuil na gardaí i mbun fiosraithe.

Tá Glenisk ar an bhfód ó 1987, agus an-éileamh ar a chuid táirgí déiríochta agus iógairte ó shin.

Teaghlach Cleary a bhunaigh an comhlacht.