Níl sé cinnte fós cén cineál rialtais a bheidh sa Ghearmáin i ndiaidh an olltoghcháin ansin.

Ba é páirtí na nDaonlathach Sóisialach (SPD) ab fhearr a chruthaigh, ach níl móramh iomlán aige le dul i mbun rialtais as féin.

Tráthnóna inniu, dúirt ceannaire an pháirtí sin, Olaf Scholz, go ngabhfaidh sé i mbun cainte leis an bpáirtí Glas agus leis na Saor Dhaonlathaigh féachaint le comhrialtas a bhunú.

Olaf Scholz, ceannaire an SPD

25.7% an sciar den vóta a fuair an SPD, páirtí de chuid na heite chlé.

24.1% a bhain an CDU-CSU amach, an toradh is measa le fada don chomhrialtas a bhí faoi cheannas Angela Merkel, a d'éirigh as mar sheansailéir an tseachtain seo caite tar éis 16 bliain a chaitheamh i gcumhacht.

Angela Merkel (ar chlé) agus Scholz: Ní foláir nó tá sí díomách le toradh an olltoghcháin seo

Ní dhearna an páirtí Glas ach oiread chomh maith agus a bhíothas ag súíl, cé gur bhain sé amach 14.8% den vóta, dúbailt ar a líon vótaí ón toghchán deiridh.

Tuigtear go gcaithfidh ar a laghad 3 pháirtí teacht le chéile le rialtas a bhunú.

Níor tharla a léithid sin i bpolaitíocht na Gearmáine cheana le breis is leathchéad bliain.